Instagram story viewer> @raidiofailte> Posts
4.2K
followers
524
following
📻 Stáisiún raidió Gaeilge i mBéal Feirste
🎧 107.1FM | raidiofailte.com
🎶@stiuideofeirste
☕️ @anlondubh
POSTS STORIES REELS TAGGED
Download All
📢📢 TÁ AIP AGAINN!!! 📢📢

Tá Raidió Fáilte ag sleamhnú isteach sa 21ú aois fá dheireadh lenár n-aip féin!

Tá na nascanna agus na treoracha uilig lena híoslódáil le fáil ar ar suíomh: https://raidiofailte.com/aipnua/

Leis an aip seo, thig leat éisteacht linn beo ó aon áit ar bith ar an domhan, 24 uair sa lá, 365 lá sa bhliain, teagmháil a dhéanamh linn agus éisteacht siar le cuid seanchláracha!

Aip forbartha ag @neilobri by @raidiofailte
2
2 months ago
Download
☎️ Bígí i dteagmháil linn!

Tá muid ar fáil anois ar Whatsapp ins an stiúideo bheo más maith leat teagmháil a dhéanamh lenár gcraoltóirí! 

📲 Bíonn muid ag craoladh 24 / 7 ach, seo iad na huaireanta a mbíonn ár gcraoltóirí iontacha ins an stiúideo bheo

📰 Moch ar Maidin (Luan go hAoine)
⏰ 8:00-9:00 

🗞️ Ó Nóin go Lón (Luan go hAoine)
⏰ 12:00-13:00

🧠 Beo ar Maidin (Luan go hAoine)
⏰ 10:00-11:00

🗣️ Guth an Phobail (Dé Máirt)
⏰ 13:00-14:00

🎶 Marcas Beo (Dé Luain) 
⏰ 13:00-15:00

🎵An Taobh Eile, Ciarán Ó Pronntaigh (Dé Máirt)
⏰ 20:00-22:00 taken in Raidió Fáilte 107.1FM by @raidiofailte
0
9 months ago
Download
🎤 Agallaimh ó Dhroim Crí

Bhí foireann nuachta Raidió Fáilte ar Bhóthar Gharbhachaidh inniu ag labhairt le muintir na háite & oideachasóirí áitiúla i nDroim Crí. Beidh an tuairisc iomlán le cluinstin ar Moch ar Maidin.

⏰ 8:00
🗓️ Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 
 📻 107.1 FM by @raidiofailte
5
19 hours ago
Download
💬 Tuairisc ó Dhroim Crí

Bhí foireann nuachta Raidió Fáilte ar Bhóthar Gharbhachaidh inniu ag labhairt le muintir na háite & oideachasóirí áitiúla i nDroim Crí. Beidh an tuairisc iomlán le cluinstin ar Moch ar Maidin.

⏰ 8:00
🗓️ 30 Meán Fómhair 
 📻 107.1 FM taken in Garvaghy Road by @raidiofailte
0
a day ago
Download
"Bhí bá ag Rónán Mac Aodha Bhuí riamh leis an Tuaisceart... Tá daoine áirithe ag iarraidh muid a tharraingt siar, ach níl muid ag dul siar, tá muid ag bogadh chun tosaigh... Agus tá Dorn San Aer mar chuid lárnach de sin."

- @tomairua mar fhear a' tí ag @dorn_san_aer - oíche mhór cheoil ag Ionad Cois Locha Dhún Lúiche. by @raidiofailte
4
4 days ago
Download
Craoladh ón fhéile Dorn San Aer in Aonad Cois Locha ní ba luaithe 📻 

Buíochas ollmhór leis an haíonna uilig a shuí isteach linn, bhain muid an-sult as.

Beidh an clár le craoladh arís amach anseo - coinnígí súil ar meáin shóisialta s'againn fá choinne dáta 's am craolta.

Anois, tá Ceol ar an Loch, Cath na mBannaí agus neart eile sa tsiúil. Comhghairdeas mór le lucht eagrúcháin na féile ✊✊ taken in Ionad Cois Locha by @raidiofailte
0
4 days ago
Download
An tseachtain seo ar an gclár...

🎙️ Scéalta Náisiúnta: Pléann Storm scéal Gary Anderson agus labhraíonn Jack ar Bhóthar Gharbhachadh.

🌎 Scéalta Idirnáisiúnta: Tá ardú géar i dtuairiscí foréigin in aghaidh na mban i nGaza agus tá Las Malvinas ar ais sna ceannlínte.

☘️ Cultúr: Pléann Jack agus Storm féiltí an DS - Other Voices i nDoire agus Dorn san Aer i nGaoth Dobhair. Fosta, labhraíonn siad faoin gconspóid is úire ar TikTok - an bhfuil sé míghairmiúil caife oighrithe a thabhairt leat chuig agallamh poist?

Sin agus tuilleadh!

Bí linn anseo ar Spotify, nó éist beo ar Raidió Fáilte gach Aoine ar a 2pm. by @raidiofailte
1
5 days ago
Download
Beidh Féile Dorn Dan Aer ar ais arís an deireadh seachtaine seo Dé hAoine 25ú go dtí Dé Domhnaigh 27ú Meán Fómhair i nGaoth Dobhair agus seo do dheis deireanach le ticéad saor in aisce a bhaint le Raidió Fáilte!!!

Clár na féile ar fail ar www.dornsanaer.ie

Seo a bhfuil le déanamh le seans a bheith agat:
Cuir trácht leis an phostáil seo le fíric shuimiúil ar ábhar ar bith! Roghnóidh Pól agus Séimí an fhíric is fearr leofa, pléifidh siad ar Beo ar Maidin é agus beidh ticéad i do lámh agat le dul go Dorn san Aer an deireadh seachtaine seo. 

**Iarrfar ar an bhuaiteoir an ticéad a bhailiú ó stáisiún Raidió Fáilte ar Shráid Dhubhaise roimh 13:00 Dé hAoine 25ú.** by @raidiofailte
1
7 days ago
Download
Moch ar Maidin: clár nuachta agus cúrsaí reatha, beo ar Raidió Fáilte ó Luan go hAoine, 8-9 r.n.

Á chur i láthair ag @maryclaire.nicuilliam le @aibreanniir agus @eannanigriabhaigh.

Ná ceannlínte, cúrsaí spóirt agus tráchta, agallaimh eisiacha agus aíonna beo: ná cailligí é.

📻 107.1fm
🌏 raidiofailte.com
📱 Aip Raidió Fáilte (nasc sa bio) taken in Raidió Fáilte 107.1FM by @raidiofailte
0
8 days ago
Download
🗣️ Frank Reidy, Iar-Cheannfort in Arm na hÉireann 

Labhair Frank le @maryclaire.nicuilliam faoin chogadh idir an Úcráin agus an Rúis, cúrsaí sa Mheánoirthear & go háirithe ról agus seasamh Donald Trump faoi láthair i dtaca leis na scéalta seo. 

🎧 Éist siar leis an agallamh ar fad: https://open.spotify.com/episode/3ntQ2iptu31r98NT8dBz1u?si=jovNGElSQGSbjaE8829XUg&utm_source=copy-link

📻 Moch ar Maidin 
🗓️ Luan go hAoine 
⏰8:00 taken in Raidió Fáilte 107.1FM by @raidiofailte
0
8 days ago
Download
Clár nua rac-cheol le Dearbhla Ní Mhearáin 'An Ghael-Racaire' a chraoladh ar Raidió Fáilte Dé Céadaoin 23ú Meán Fómhair 6 i.n

Ar an chlár seo, clúdófar na hamhráin a thaitníonn le Dearbhla mar gheall ar an rif giotáir atá iontu 🎸

📻 107.1FM nó www.raidiofailte.com by @raidiofailte
1
9 days ago
Download
An-oíche ar fad againn i mBéal Feirste agus Raidió Fáilte ag ceiliúradh 20 bliain ag craoladh ar Offcom. 

Bhí an deis ag Cara agus Emer labhairt le hEoghan Ó Néill, duine de bhunaitheoirí Raidió Fáilte, Cillian Breatnach, bainisteoir Raidió Fáilte agus MaryClaire Nic Uilliam, príomh-irischraoltóir Raidió Fáilte ar an oíche. 

Tá an mhír iomlán ar fáil anois againn ar na hardáin sruthaithe. 

Nasc sa linktree🔗 by @raidiofailte
0
9 days ago
Download
×

Download all media on this page

Photos Videos
back to up