Instagram story viewer> @molsceal> Posts
20K
followers
4208
following
☘️Mol Scéalta ó TG4/Video Story Hub from @tg4tv
📱Aip ar Android & iOS
POSTS STORIES REELS TAGGED
Bhí Féile an Fhómhair ar siúl don chéad uair i nGuagán Barra agus i mBéal Átha’n Ghaorthaidh le déanaí.

Tháinig scata mór daoine chun na háite chun ceiliúradh a dhéanamh ar thalamh, ar theanga agus ar phobal. by @molsceal
0
a day ago
Download
Bí inár dteannta oíche amárach do Chomóradh Céad Bliain Choláiste Bhríde i Rann na Féirste. 

Beidh ceolchoirm speisialta d’iarscoláirí Choláiste Bhríde agus do mhuintir na háite. 

Beidh muid beo ar Facebook agus Youtube Molscéal óna 20:00. taken in Áislann Rann na Feirste by @molsceal
0
2 days ago
Download
Ghlac foirne Gaeltachta faoi 12 páirt i gComórtas Sacair na Gaeltachta sna Forbacha.

Ba í an chéad bhliain den chomórtas, agus bhí iomaíocht láidir ann idir na foirne uilig. by @molsceal
2
2 days ago
Download
Seoladh Fleadh Cheoil Chiarraí i dTábhairne na hUíne sa Dromaid. 

Bhí ceol beo ó Cheoltóirí Uíbh Ráthaigh agus Róisín Ní Riain le cloisteáil ann. by @molsceal
0
3 days ago
Download
Eagraíodh comórtas arán tíre i mBaile Ghib leis an mbáicéir is fearr sa cheantar a aimsiú.

Bhí rogha leathan arán bácáilte agus cinneadh an- deacair le déanamh ag na moltóirí! by @molsceal
0
4 days ago
Download
“Is le féilte mar seo a choinneos an traidisiún ag imeacht”

📍 An Cheathrú Rua by @molsceal
0
5 days ago
Download
Is brónach an scéal go bhfuil Tom a’tSeoighe, duine de na filí is aitheanta i gConamara imithe ar shlí na fírinne. 

Seo John Beag Ó Flatharta le ceann de na hamhráin a scríobh Tom, ‘Mo Mhéit ag Filleadh Abhaile’. 

Leaba i measc na naomh go raibh aige. by @molsceal
2
5 days ago
Download
Thug Caoimhe Ní Shúilleabháin léacht ar shaol Mháire Uí Raghallaigh i rith Sheachtain na hOidhreachta.

Bhí baint aici le búnú an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i Nás na Ríogh in 1901. by @molsceal
3
7 days ago
Download
Reachtáil Stephen McGinley campa sorcais den scoth ag Féile Ealaíne an Earagail. 

Chuir sé iontas ar na páistí lena scileanna lámhchleasaíochta agus chuidigh sé leo páirt a ghlacadh. by @molsceal
0
8 days ago
Download
Bhí an oscailt oifigiúil ar an Ionad Acmhainne Teaghlaigh & Pobail Áiseanna na hÓige sa Daingean le déanaí.

Is í an tAire Norma Foley a dhein an oscailt agus bhailigh slua mór idir óg agus aosta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an lá tábhachtach seo. taken in Daingean Uí Chúis by @molsceal
1
9 days ago
Download
“sula raibh ‘fhios a’am aon cheo bhí an áit tógtha a’am”

📍Spailpín Fánach, Ceardlann an Spidéil. taken in An Spidéal, Galway, Ireland by @molsceal
5
11 days ago
Download
Is féile cheoil í “Dorn san aer” a bunaíodh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí.

Bhí Rónán mar chuid lárnach den saol ceoil, ag cur deiseanna agus ardán ar fáil do cheoltóirí. taken in Gaoth Dobhair, Donegal, Ireland by @molsceal
5
12 days ago
Download

Download All

Save the photos and videos currently loaded on this page.

0Photos
0Videos
Ready to download 0 / 0

Keep this tab open until your download is ready.

back to up